Don Oíche Naofa Úd
Don oíche naofa úd, bhí na réalta geal ag taitneamh
‘S an oíche í ina rugadh Mac Dé
B’fhada a bhí an domhain i ngruaim ag machnamh
Go dtí go dtánaig ár Slánaitheoir ar an saol.
Tá dóchas linn, is gliondar inár gcroíthe
Mar romhainn tá Críost mar fáinne geal an lae.
Guígí is adhraigí
Éistigí le glóir na n-aingil
Don oíche úd
Go dtáinig an Briathar Slán
Don oíche úd
Oíche rugadh Mac Dé.