Oíche Chiúin

 


Oíche chiúin, oíche Mhic Dé,
Cách ‘na suan dís araon,
Dís is dílse ‘faire le spéis
Naoín beag gnaoigheal
ceananntais caomh
Críost, ‘na chodhladh go séimh.
Críost, ‘na chodhladh go séimh.


Oíche chiúin, oíche Mhic Dé,
Aoirí ar dtús chuala ‘n scéal;
Allelúia aingeal ag glaoch.
Cantain suairc i ngar is i gcéin:
Críost an Slánaitheoir Féin!
Críost an Slánaitheoir Féin!


Oíche chiúin, oíche Mhic Dé,
Mac Dé bhí, gáire a bhéil,
Tuar dá rá ‘s dá lán-chur i gcéill,
Ann gur tháinig tráth chinn a tséin,
Críost a theacht ar an saol,
Críost a theacht ar an saol.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *