I nDúlaíocht an Gheimhridh
I ndúlaíocht an gheimhridh le séideadh gaoithe is sioc,
Crua an talamh mar iarann an t-uisce féin ina leac;
Sneachta síobtha séidte ar thaobh na gcnoc is na ngleann,
I ndúlaíocht an gheimhridh i bhfad i bhfad ó shin.
Ní thig le neamh a choinneáil ní leor an domhan Dó féin;
Imeoidh talamh agus flaithis nuair a thiocfaidh sé i réim.
I ndúlaíocht an gheimhridh ba leor stábla íost’,
Don Tiarna Dia Uilechumhachtach, Íosa Críost.
Is leor dó, a bhíonn seiribín a adhradh lá ‘gus oích’,
Mainséirín lán féir agus bainne cích’;
Is leor sin dó, a dtiteann na haingil os a chomhair,
A dtabhrann damh, is asal is camal dó glóir.
Bhailigh aingil ‘s ardaingil ag tabhairt omóis dó,
Seiribín is saraifín ‘na slóite ag tabhairt onór’;
Is A Mháthair aoibhinn, an mhaighdean álainn óg,
Le grá Dá Mac ró-ionúin thug sí Dó póg.
Cad é a bhéarfainn d’Íosa mise atá beo bocht?
Dá mbeinn i m’aoire bhéarfainn uan anocht;
Dá mbeinn i m’ollamh léannta ba léir dom romham an tslí;
Cad é a bhéarfainn d’Íosa, bhéarfaidh mé mo chroí.